Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Máirt, 9 Meán Fómhair, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Tá beannacht i ndán don duine cineálta, mar roinneann sé a chuid aráin leis an mbochtán.

Seanfhocal 22:9

Tusa, ag déanamh déirce duit, ná bíodh a fhios ag do láimh chlé cad a dhéanann do lámh dheas.

Matha 6:3

Seanfhocal 22 (An Bíobla Naofa 1981)

6 Déan an leanbh a oiliúint sa bhealach is dual dó;
agus nuair a rachaidh sé in aois ní thréigfidh sé é.
7 Bíonn an toiceach ag mursanacht ar an mbochtán,
agus bíonn fear na hiasachta faoi bhois an té a thug rud dó.
8 An té a shíolann an éagóir, beidh fómhar na tubaiste aige;
air féin a [thitfidh] bata a chuthaigh.
9 Tá beannacht i ndán don duine cineálta,
mar roinneann sé a chuid aráin leis an mbochtán.
10 Tabhair bata is bóthar don scigire agus baileoidh an t-aighneas leis,
agus beidh deireadh le hachrann is le hachasán.
11 Tá cion ag [an Tiarna] ar an gcroí glan,
agus is cara don rí fear na cainte caoine.
12 Déanann súile an Tiarna an t-eolas a fhaire,
ach leagann sé ar lár briathra na mbréagairí.

Read more...(to top)

Matha 6 (An Bíobla Naofa 1981)

1 Aire daoibh gan bheith ag déanamh taibhsimh as bhur ndea-oibreacha os comhair daoine chun go dtabharfaidís faoi deara iad, óir má bhíonn sibh, beidh sibh gan tuarastal i láthair bhur nAthar atá ar neamh.
2 “Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa á shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréagchráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách á moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.
3 Ach tusa, ag déanamh déirce duit, ná bíodh a fhios ag do láimh chlé cad a dhéanann do lámh dheas,
4 ach do dhéirc a bheith faoi choim. Feiceann d’Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.
5 “Mar an gcéanna nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí ar nós na mbréagchráifeach, mar is breá leo siúd seasamh suas sna sionagóga nó ag cúinní na sráideanna agus guí a dhéanamh mar a mbeidh radharc ag cách orthu. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.
6 Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun d’Athar atá ansiúd faoi choim. Feiceann d’Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Whoever has a bountiful eye will be blessed, for he shares his bread with the poor.

Proverbs 22:9

When you give to the needy, do not let your left hand know what your right hand is doing.

Matthew 6:3

Seanfhocal 22 (English Standard Version)

6 Train up a child in the way he should go;
even when he is old he will not depart from it.
7 The rich rules over the poor,
and the borrower is the slave of the lender.
8 Whoever sows injustice will reap calamity,
and the rod of his fury will fail.
9 Whoever has a bountiful eye will be blessed,
for he shares his bread with the poor.
10 Drive out a scoffer, and strife will go out,
and quarreling and abuse will cease.
11 He who loves purity of heart,
and whose speech is gracious, will have the king as his friend.
12 The eyes of the Lord keep watch over knowledge,
but he overthrows the words of the traitor.

Read more...(to top)

Matha 6 (English Standard Version)

1 “Beware of practicing your righteousness before other people in order to be seen by them, for then you will have no reward from your Father who is in heaven.
2 “Thus, when you give to the needy, sound no trumpet before you, as the hypocrites do in the synagogues and in the streets, that they may be praised by others. Truly, I say to you, they have received their reward.
3 But when you give to the needy, do not let your left hand know what your right hand is doing,
4 so that your giving may be in secret. And your Father who sees in secret will reward you.
5 “And when you pray, you must not be like the hypocrites. For they love to stand and pray in the synagogues and at the street corners, that they may be seen by others. Truly, I say to you, they have received their reward.
6 But when you pray, go into your room and shut the door and pray to your Father who is in secret. And your Father who sees in secret will reward you.

Read more...(to top)