Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Déardaoin, 21 Lúnasa, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n-uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.

Íseáia 57:15

A Thiarna, múin dúinne guí!

Lúcás 11:1

Íseáia 57 (An Bíobla Naofa 1981)

12 Ach anois tá mé chun an fhíréantacht seo agat a léiriú go hoscailte,
agus do ghnóthaí gan rath.
13 Nuair a screadann tú, sábháladh do dhéithe bréige gránna thú!
Cartfar ar shiúl leis an ngaoth an t-iomlán acu,
siabfaidh anáil ar shiúl iad.
Ach an té a chuireann a iontaoibh ionamsa, gheabhaidh sé an tír mar oidhreacht,
agus beidh seilbh aige ar mo shliabh beannaithe.
14 Agus cloisfear glór á rá:
Tógaigí suas tóchar agus réitigí an bealach,
glanaigí gach constaic as cosán mo mhuintire
15 Óir is mar seo a deir an Té is airde,
a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht
agus a bhfuil a ainm naofa:
“Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa,
agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad,
chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n-uirísle,
chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.
16 Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí,
agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh;
mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féin
agus gach dúil bheo dá ndearna mé.
17 Coiriúlacht agus bradaíl Iosrael a chuir fearg orm seal;
cheil mé mo ghnúis air agus bhuail mé le teann feirge.
D’imigh sé leis fiáin sna bealaí a b’áil lena chroí;
18 chonaic mé féin iad na bealaí céanna.
Ach leigheasfaidh mé é agus tabharfaidh mé sólás dó;
líonfaidh mé le suaimhneas é,
é féin agus lucht a chaointe,

Read more...(to top)

Lúcás 11 (An Bíobla Naofa 1981)

1 Aon lá amháin agus é in áit áirithe ag guí, nuair a stad sé, dúirt duine dá dheisceabail leis: “A Thiarna, múin dúinne guí, amhail mar a mhúin Eoin dá dheisceabail.”
2 Dúirt sé leo: “Nuair a ghuíonn sibh, abraigí: A Athair, go naofar d’ainm; go dtaga do ríocht;
3 ár n-arán laethúil tabhair dúinn gach lá;
4 agus maith dúinn ár bpeacaí, óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn; agus ná lig sinn i gcathú.”

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

I dwell in the high and holy place, and also with him who is of a contrite and lowly spirit, to revive the spirit of the lowly, and to revive the heart of the contrite.

Isaiah 57:15

Lord, teach us to pray.

Luke 11:1

Íseáia 57 (English Standard Version)

12 I will declare your righteousness and your deeds,
but they will not profit you.
13 When you cry out, let your collection of idols deliver you!
The wind will carry them off,
a breath will take them away.
But he who takes refuge in me shall possess the land
and shall inherit my holy mountain.
14 And it shall be said,
“Build up, build up, prepare the way,
remove every obstruction from my people's way.”
15 For thus says the One who is high and lifted up,
who inhabits eternity, whose name is Holy:
“I dwell in the high and holy place,
and also with him who is of a contrite and lowly spirit,
to revive the spirit of the lowly,
and to revive the heart of the contrite.
16 For I will not contend forever,
nor will I always be angry;
for the spirit would grow faint before me,
and the breath of life that I made.
17 Because of the iniquity of his unjust gain I was angry,
I struck him; I hid my face and was angry,
but he went on backsliding in the way of his own heart.
18 I have seen his ways, but I will heal him;
I will lead him and restore comfort to him and his mourners,

Read more...(to top)

Lúcás 11 (English Standard Version)

1 Now Jesus was praying in a certain place, and when he finished, one of his disciples said to him, “Lord, teach us to pray, as John taught his disciples.”
2 And he said to them,
“When you pray, say:
“Father, hallowed be your name.
Your kingdom come.
3 Give us each day our daily bread,
4 and forgive us our sins,
for we ourselves forgive everyone who is indebted to us.
And lead us not into temptation.”

Read more...(to top)