Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< An Briathar do Dé hAoine, 22 Lúnasa, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Is maith agus is ceansa thú, a Thiarna, lán de bhuanghrá dá mbíonn ag éamh ort.

Salm 86:5

Bhí dall, fear déirce, Bairtiméas, ina shuí le hais an bhóthair:

Nuair a chuala sé gurbh é Íosa an Nazairéanach a bhí ann thosaigh sé ar screadach agus ar a rá: “A Mhic Dháiví, a Íosa, déan trócaire orm!”

Marcas 10:47

Salm 86 (An Bíobla Naofa 1981)

2 Déan m’anam a chosaint óir is dílis mé;
fóir ar do ghiolla a bhfuil a dhóchas ionat.
3 Is tú mo Dhia; bíodh trua agat dom, a Thiarna,
óir bím ag éamh ort gan stad ar feadh an lae.
4 Cuir áthas ar anam do sheirbhísigh,
óir is chugat a thógaim m’anam, a Thiarna.
5 Óir is maith agus is ceansa thú, a Thiarna,
lán de bhuanghrá dá mbíonn ag éamh ort.
6 Éist le m’urnaí, a Thiarna;
tabhair aire do ghlór mo ghuí.
7 Is ortsa a ghlaoim lá mo bhuartha;
de bhrí go n-éisteann tú liom.
8 Níl do shamhail i measc na ndéithe, a Thiarna;
ná níl neach ann a dhéanfadh do ghníomhartha.

Read more...(to top)

Marcas 10 (An Bíobla Naofa 1981)

44 agus an duine ar mian leis a bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábhaí ag cách.
45 Óir níor tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air, ach chun go ndéanfadh sé féin freastal, agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”
46 Agus tháinig siad go Ireachó; agus ag dul amach as Ireachó dó fara a dheisceabail agus slua mór, bhí dall, fear déirce, Bairtiméas mac Thiméas, ina shuí le hais an bhóthair.
47 Nuair a chuala sé gurbh é Íosa an Nazairéanach a bhí ann thosaigh sé ar screadach agus ar a rá: “A Mhic Dháiví, a Íosa, déan trócaire orm!”
48 Agus bhagair a lán daoine air a bheith ina thost, ach is ea ba mhó a scread sé: “A Mhic Dháiví, déan trócaire orm.”
49 Stad Íosa agus dúirt: “Glaoigí anseo air.” Agus ghlaoigh siad ar an dall á rá leis: “Bíodh misneach agat! Éirigh! Tá sé ag glaoch ort!”
50 Chaith sé siúd de a bhrat, d’éirigh de phreab, agus tháinig chun Íosa.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

You, O Lord, are good and forgiving, abounding in steadfast love to all who call upon you.

Psalm 86:5

Bartimaeus, a blind beggar, began to cry out and say, Jesus, Son of David, have mercy on me!

Mark 10:47

Salm 86 (English Standard Version)

2 Preserve my life, for I am godly;
save your servant, who trusts in you—you are my God.
3 Be gracious to me, O Lord,
for to you do I cry all the day.
4 Gladden the soul of your servant,
for to you, O Lord, do I lift up my soul.
5 For you, O Lord, are good and forgiving,
abounding in steadfast love to all who call upon you.
6 Give ear, O Lord, to my prayer;
listen to my plea for grace.
7 In the day of my trouble I call upon you,
for you answer me.
8 There is none like you among the gods, O Lord,
nor are there any works like yours.

Read more...(to top)

Marcas 10 (English Standard Version)

44 and whoever would be first among you must be slave of all.
45 For even the Son of Man came not to be served but to serve, and to give his life as a ransom for many.”
46 And they came to Jericho. And as he was leaving Jericho with his disciples and a great crowd, Bartimaeus, a blind beggar, the son of Timaeus, was sitting by the roadside.
47 And when he heard that it was Jesus of Nazareth, he began to cry out and say, “Jesus, Son of David, have mercy on me!”
48 And many rebuked him, telling him to be silent. But he cried out all the more, “Son of David, have mercy on me!”
49 And Jesus stopped and said,
“Call him.”
And they called the blind man, saying to him, “Take heart. Get up; he is calling you.”
50 And throwing off his cloak, he sprang up and came to Jesus.

Read more...(to top)