Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

"The Word" from bible2.net – two complementary Bible verses for each day of the year

  • for your daily Bible reading: two verses complement each other
  • display God's word on your website
  • read God's word in dialects

An Briathar do Dé Céadaoin, 8 Deireadh Fómhair, 2025

An donas seo, tá sé á chlaochlú ina shéan; is tú a shábháil mé ar dhuibheagán an neamhní, óir chaith tú ar do chúla mo pheacaí go léir.

Íseáia 38:17

Seolann sé ar imeall an uisce mé mar a bhfaighim suaimhneas. Seolann sé ar shlí na fíréantachta mé mar gheall ar a ainm.

Salm 23:2-3

Íseáia 38

16 Ach, a Thiarna, ina dhiaidh sin beidh m’anam beo i do chuideachta;
is tú a thabharfaidh suaimhneas do mo spiorad.
Beidh fáil ar théarnamh agam agus fadú saoil.
17 Óir an donas seo, tá sé á chlaochlú ina shéan;
is tú a shábháil mé ar dhuibheagán an neamhní,
óir chaith tú ar do chúla mo pheacaí go léir.
18 Ní thugann Seól moladh duit,
ní féidir don Bhás tú a cheiliúradh;
an dream a théann síos sa duibheagán,
níl dóchas acu as do dhílseacht níos mó.

Salm 23

1 Salm le Dáiví.
Is é an Tiarna m’aoire:
ní bheidh aon ní de dhíth orm.
2 Cuireann sé féin i mo luí mé
i móinéar féir ghlais.
Seolann sé ar imeall an uisce mé
3 mar a bhfaighim suaimhneas.
Seolann sé ar shlí na fíréantachta mé
mar gheall ar a ainm.
4 Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais,
níor bhaol liom an t-olc
agus tú faram le do shlat is do bhachall
chun sólás a thabhairt dom.

"The Word" from bible2.net

  • two complementary Bible verses for each day of the year
  • nicely arranged on multiple lines for readability
  • on your smartphone, tablet or computer, as an e-book or screen saver
  • on your website
  • in more than 25 languages and Bible editions
  • free of cost
  • The Word is just a foretaste of the complete Bible, providing a daily impulse for a personal encounter with God.

More About us...