Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Domhnaigh, 20 Aibreán, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Mar is ann ab áil le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí, agus is trídsean ab áil leis gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt chun athmhuintearais leis féin, agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.

Colosaigh 1:19-20

Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí. Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia.

2 Corantaigh 5:20

Colosaigh 1 (An Bíobla Naofa 1981)

16 mar is trídsean a cruthaíodh
a bhfuil ar neamh agus ar talamh
bídís sofheicthe nó dofheicthe,
idir Thróin agus Thiarnais
idir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí.
Is trídsean agus dósan a cruthaíodh an t-iomlán.
17 Tá tosach aige orthu uile
agus is ann a choinnítear ar bun iad.
18 Is é ceann an choirp é,
ceann na hEaglaise.
Is é an tús é,
an chéadghin ó mhairbh
i dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.
19 Mar is ann ab áil
le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,
20 agus is trídsean ab áil leis
gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh
a thabhairt chun athmhuintearais leis féin,
agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.
21 Tráth dá raibh, bhí sibhse féin in earraid [le Dia] agus naimhdeach dó in bhur n-aigne, de dheasca bhur ndrochghníomhartha;
22 ach tá athmhuintearas déanta aige anois libh trína bhás ina chorp collaí d’fhonn sibh a thabhairt ina láthair go naofa gan cháim gan locht.
23 Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.

Read more...(to top)

2 Corantaigh 5 (An Bíobla Naofa 1981)

17 Mar, aon duine atá i gCríost, is duine é atá cruthaithe as an nua; tá an sean i léig, féach, agus tá an nua tagtha.
18 Is é Dia a thug an t-iomlán i gcrích, mar is é a thug sinne chun athmhuintearais leis féin trí Chríost agus a d’fhág an t-athmhuintearas ina chúram orainne.
19 Is é sin le rá go raibh Dia i gCríost ag tabhairt an domhain chun athmhuintearais leis féin, gan cionta na ndaoine a agairt orthu, agus gur fúinne a d’fhág sé fógairt an athmhuintearais sin.
20 Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí. Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia.
21 Mar an té úd nárbh eol dó an peaca, rinne Dia peaca de ar mhaithe linne, d’fhonn go ndéanfaí dínne fíréantacht Dé ann.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

In Christ all the fullness of God was pleased to dwell, and through him to reconcile to himself all things, whether on earth or in heaven, making peace by the blood of his cross.

Colossians 1:19-20

We are ambassadors for Christ, God making his appeal through us. We implore you on behalf of Christ, be reconciled to God.

2 Corinthians 5:20

Colosaigh 1 (English Standard Version)

16 For by him all things were created, in heaven and on earth, visible and invisible, whether thrones or dominions or rulers or authorities—all things were created through him and for him.
17 And he is before all things, and in him all things hold together.
18 And he is the head of the body, the church. He is the beginning, the firstborn from the dead, that in everything he might be preeminent.
19 For in him all the fullness of God was pleased to dwell,
20 and through him to reconcile to himself all things, whether on earth or in heaven, making peace by the blood of his cross.
21 And you, who once were alienated and hostile in mind, doing evil deeds,
22 he has now reconciled in his body of flesh by his death, in order to present you holy and blameless and above reproach before him,
23 if indeed you continue in the faith, stable and steadfast, not shifting from the hope of the gospel that you heard, which has been proclaimed in all creation under heaven, and of which I, Paul, became a minister.

Read more...(to top)

2 Corantaigh 5 (English Standard Version)

17 Therefore, if anyone is in Christ, he is a new creation. The old has passed away; behold, the new has come.
18 All this is from God, who through Christ reconciled us to himself and gave us the ministry of reconciliation;
19 that is, in Christ God was reconciling the world to himself, not counting their trespasses against them, and entrusting to us the message of reconciliation.
20 Therefore, we are ambassadors for Christ, God making his appeal through us. We implore you on behalf of Christ, be reconciled to God.
21 For our sake he made him to be sin who knew no sin, so that in him we might become the righteousness of God.

Read more...(to top)