Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Máirt, 7 Deireadh Fómhair, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Drochrath orthu siúd a cheanglaíonn teach le teach, agus a chuireann páirc i gcionn páirce, go dtí go dtógann suas an láthair ar fad agus gurb iad amháin atá lonnaithe sa tír.

Íseáia 5:8

Níor thugamar aon ní isteach sa saol ná ní féidir dúinn aon ní a thógáil as. Dá réir sin má bhíonn bia agus éadach againn, beimid sásta.

1 Tiomóid 6:7-8

Íseáia 5 (An Bíobla Naofa 1981)

5 Tá, cuirfidh mé in iúl daoibh anois
cad tá mé chun a dhéanamh le m’fhíonghort:
an claí a bhaint as chun go mbeidh sé ina fhéarach,
an balla a leagan chun go satlófar air.
6 Déanfar slad air, agus beidh sé gan bearradh gan saothrú,
agus sceacha agus driseacha ag fás air.
Crosfaidh mé ar na néalta
an fhearthainn a fhearadh air.
7 Óir, fíonghort Thiarna na slua,
is é teaghlach Iosrael é,
agus is iad muintir Iúdá an planda is rogha leis ann.
Bhí sé ag dréim le riar ceart agus seo fuilbheart,
le fíréantacht agus seo caoi léanmhar.
8 Drochrath orthu siúd a cheanglaíonn teach le teach,
agus a chuireann páirc i gcionn páirce,
go dtí go dtógann suas an láthair ar fad
agus gurb iad amháin atá lonnaithe sa tír.
9 Is amhlaidh a mhionnaigh Tiarna na Slua le mo chluasa:
“Is iomaí teach a leagfar!
Tithe breátha mórtasacha, ní bheidh cónaí iontu;
10 deich n-acraí d’fhíonghort, ní thabharfaidh siad ach bairille amháin,
agus deich mbuiséal síl, ní thabharfaidh ach aon bhuiséal amháin.”
11 Is mairg dóibh siúd a mbíonn tóir acu
ó mhaidin moch ar an bpóit,
agus a shuíonn déanach san oíche
ag súmaireacht fíona.

Read more...(to top)

1 Tiomóid 6 (An Bíobla Naofa 1981)

4 is ag borradh le bród atá sé agus gan aon tuiscint aige ach cíocras air chun aighnis agus conspóide, nithe nach dtagann dá mbarr ach éad agus achrann, achasáin agus drochamhras
5 agus an iomarbhá úd a bhíonn ag daoine a bhfuil a n-intinn ag meathlú agus an fhírinne caillte acu. Is dóigh leo gurb údar saibhris an chráifeacht.
6 Is mór an t-údar saibhris í an chráifeacht go deimhin, an té a bhíonn sásta lena chuid.
7 Mar níor thugamar aon ní isteach sa saol ná ní féidir dúinn aon ní a thógáil as.
8 Dá réir sin má bhíonn bia agus éadach againn, beimid sásta.
9 Iad sin a mbíonn dúil sa saibhreas acu titeann siad i gcathú agus gabhtar sa líon iad ag na hainmhianta iomadúla baotha díobhálacha úd a tharraingíonn daoine ar bhealach a millte agus a mbascaithe.
10 Dúil san airgead is bun do gach olc, agus le barr dúile ann tá daoine áirithe imithe ar fán ón gcreideamh agus is iomaí arraing atá curtha trína gcroí féin acu.
11 Ach ós óglach Dé tusa, seachain na nithe sin. Bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcráifeacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an bhfoighne agus ar an láchas.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Woe to those who join house to house, who add field to field, until there is no more room, and you are made to dwell alone in the midst of the land.

Isaiah 5:8

We brought nothing into the world, and we cannot take anything out of the world. But if we have food and clothing, with these we will be content.

1 Timothy 6:7-8

Íseáia 5 (English Standard Version)

5 And now I will tell you
what I will do to my vineyard.
I will remove its hedge,
and it shall be devoured;
I will break down its wall,
and it shall be trampled down.
6 I will make it a waste;
it shall not be pruned or hoed,
and briers and thorns shall grow up;
I will also command the clouds
that they rain no rain upon it.
7 For the vineyard of the Lord of hosts
is the house of Israel,
and the men of Judah
are his pleasant planting;
and he looked for justice,
but behold, bloodshed;
for righteousness,
but behold, an outcry!
8 Woe to those who join house to house,
who add field to field,
until there is no more room,
and you are made to dwell alone
in the midst of the land.
9 The Lord of hosts has sworn in my hearing:
“Surely many houses shall be desolate,
large and beautiful houses, without inhabitant.
10 For ten acres of vineyard shall yield but one bath,
and a homer of seed shall yield but an ephah.”
11 Woe to those who rise early in the morning,
that they may run after strong drink,
who tarry late into the evening
as wine inflames them!

Read more...(to top)

1 Tiomóid 6 (English Standard Version)

4 he is puffed up with conceit and understands nothing. He has an unhealthy craving for controversy and for quarrels about words, which produce envy, dissension, slander, evil suspicions,
5 and constant friction among people who are depraved in mind and deprived of the truth, imagining that godliness is a means of gain.
6 Now there is great gain in godliness with contentment,
7 for we brought nothing into the world, and we cannot take anything out of the world.
8 But if we have food and clothing, with these we will be content.
9 But those who desire to be rich fall into temptation, into a snare, into many senseless and harmful desires that plunge people into ruin and destruction.
10 For the love of money is a root of all kinds of evils. It is through this craving that some have wandered away from the faith and pierced themselves with many pangs.
11 But as for you, O man of God, flee these things. Pursue righteousness, godliness, faith, love, steadfastness, gentleness.

Read more...(to top)