Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Sathairn, 4 Deireadh Fómhair, 2025

An Bíobla Naofa 1981

An féidir, a bhráithre liom, don chrann fígí ológa a iompar nó don fhíniúin fígí a iompar? Ní mó ná sin is féidir don sáile fíoruisce a iompar.

Séamas 3:12

Shiúil Éilias amach os comhair an phobail go léir agus dúirt: Cá fhad atá sé ar intinn agaibh a bheith ag bacadhradh, seal ar leathchois amháin, agus seal ar an gceann eile? Más é an Tiarna is Dia ann, leanaigí é, más é Bál, leanaigí eisean.

1 Ríthe 18:21

Séamas 3 (An Bíobla Naofa 1981)

9 Is léi a bheannaímid an Tiarna agus ár nAthair; agus is léi chomh maith a mhallaímid daoine cé go bhfuil siad déanta ar dheilbh Dé.
10 Tagann an bheannacht agus an mhallacht as an mbéal céanna. Níor cheart go mbeadh sin amhlaidh, a bhráithre liom.
11 An ndéanann an tobar idir fhíoruisce agus uisce goirt a sceitheadh as an aon súil?
12 An féidir, a bhráithre liom, don chrann fígí ológa a iompar nó don fhíniúin fígí a iompar? Ní mó ná sin is féidir don sáile fíoruisce a iompar.
13 Cé tá eagnaí agus tuisceanach in bhur measc? Taispeánadh sé a dhea-oibreacha in umhlaíocht na heagna lena iompar fónta.
14 Ach má tá éad searbh oraibh agus uaillmhian doicheallach in bhur gcroí, ná bígí ag maíomh ná ag bréagnú na fírinne.
15 Ní anuas ó lastuas a thagann an sórt sin eagna, ach tá sí talmhaí, neamhspioradálta, agus diabhlaí.

Read more...(to top)

1 Ríthe 18 (An Bíobla Naofa 1981)

18 “Ní mise sciúirse Iosrael, ní mise sin, ach thusa agus teaghlach d’athar, mar thréig sibh (aitheanta) an Tiarna agus lean sibh na Bálaím.
19 Cuir fios ar Iosrael go léir anois más ea agus cruinnigh i mo thimpeall ar Shliabh Chairmeil iad, agus na ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál chomh maith (agus na ceithre chéad fáidh do chuid Aiséará) a shuíonn chun boird le Ízeibil.”
20 Chuir Acháb tionól ar chlann Iosrael uile agus bhailigh sé na fáithe le chéile ar Shliabh Chairmeil.
21 Shiúil Éilias amach os comhair an phobail go léir agus dúirt: “Cá fhad atá sé ar intinn agaibh a bheith ag bacadhradh, seal ar leathchois amháin, agus seal ar an gceann eile? Más é an Tiarna is Dia ann, leanaigí é, más é Bál, leanaigí eisean.” Ní raibh focal as an bpobal.
22 Ansin dúirt Éilias leo: “Mise agus mise amháin a fágadh mar fháidh de chuid an Tiarna, ach tá ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál ann.
23 Tugtar dhá tharbh chugainn; toghadh siadsan ceann amháin dóibh féin, déanaidís codanna de agus cuiridís ar an gconnadh é ach gan tine ar bith a lasadh faoi. Ullmhóidh mise an tarbh eile agus cuirfidh mé ar an gconnadh é gan tine ar bith a lasadh faoi.
24 Glaoigí ar ainm bhur ndé agus glaofaidh mise ar ainm an Tiarna; an dia a fhreagróidh le tine, is é is Dia dáiríre ann.” D’fhreagair an pobal go léir: “Tá go maith.”

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Can a fig tree, my brothers, bear olives, or a grapevine produce figs? Neither can a salt pond yield fresh water.

James 3:12

Elijah came near to all the people and said, How long will you go limping between two different opinions? If the Lord is God, follow him; but if Baal, then follow him.

1 Kings 18:21

Séamas 3 (English Standard Version)

9 With it we bless our Lord and Father, and with it we curse people who are made in the likeness of God.
10 From the same mouth come blessing and cursing. My brothers, these things ought not to be so.
11 Does a spring pour forth from the same opening both fresh and salt water?
12 Can a fig tree, my brothers, bear olives, or a grapevine produce figs? Neither can a salt pond yield fresh water.
13 Who is wise and understanding among you? By his good conduct let him show his works in the meekness of wisdom.
14 But if you have bitter jealousy and selfish ambition in your hearts, do not boast and be false to the truth.
15 This is not the wisdom that comes down from above, but is earthly, unspiritual, demonic.

Read more...(to top)

1 Ríthe 18 (English Standard Version)

18 And he answered, “I have not troubled Israel, but you have, and your father's house, because you have abandoned the commandments of the Lord and followed the Baals.
19 Now therefore send and gather all Israel to me at Mount Carmel, and the 450 prophets of Baal and the 400 prophets of Asherah, who eat at Jezebel's table.”
20 So Ahab sent to all the people of Israel and gathered the prophets together at Mount Carmel.
21 And Elijah came near to all the people and said, “How long will you go limping between two different opinions? If the Lord is God, follow him; but if Baal, then follow him.” And the people did not answer him a word.
22 Then Elijah said to the people, “I, even I only, am left a prophet of the Lord, but Baal's prophets are 450 men.
23 Let two bulls be given to us, and let them choose one bull for themselves and cut it in pieces and lay it on the wood, but put no fire to it. And I will prepare the other bull and lay it on the wood and put no fire to it.
24 And you call upon the name of your god, and I will call upon the name of the Lord, and the God who answers by fire, he is God.” And all the people answered, “It is well spoken.”

Read more...(to top)