Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

>> An Briathar do Déardaoin, 2 Deireadh Fómhair, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Nach ndónn mo bhriatharsa ar nós tine – an Tiarna a labhraíonn – nach cosúil é le hord a bhriseann an charraig ina smidiríní?

Irimia 23:29

Ar an lá sin, ní bheidh aon solas ann ar dtús, ach fuacht agus sioc. Ach lá ar leith a bheidh ann – mar is eol don Tiarna; óir, ní bheidh aon difríocht ann idir lá agus oíche, mar beidh solas ann san oíche.

Zacairia 14:6-7

Irimia 23 (An Bíobla Naofa 1981)

26 Cá fhad a bheidh seo i gcroíthe na bhfáithe a thairngreann bréaga, fáistine a thabhairt ar chealga a gcroí féin?
27 Síleann siad a thabhairt ar mo phobal m’ainm a dhearmad leis na haislingí a insíonn siad dá chéile, díreach mar a dhearmaid a n-aithreacha m’ainm ar son Bhál.
28 “An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é!
Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht?
– an Tiarna a labhraíonn.
29 Nach ndónn mo bhriatharsa ar nós tine
– an Tiarna a labhraíonn –
nach cosúil é le hord a bhriseann an charraig ina smidiríní?
30 “Mar sin, féach, táimse in aghaidh na bhfáithe – an Tiarna a labhraíonn – a ghoideann mo bhriathra óna chéile.
31 Táimse in aghaidh na bhfáithe – an Tiarna a labhraíonn – nach lia corraí teanga astu ná tairngreacht.
32 Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha – an Tiarna a labhraíonn – a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad – an Tiarna a labhraíonn.

Read more...(to top)

Zacairia 14 (An Bíobla Naofa 1981)

3 Ansin tiocfaidh an Tiarna amach agus cuirfidh sé cogadh ar na náisiúin sin faoi mar a throideann sé ar lá catha.
4 Ar an lá sin, beidh a chosa ina seasamh go daingean ar Chnoc na nOlóg, áit atá os comhair Iarúsailéim ar an taobh thoir di. Scoiltfear Cnoc na nOlóg anoir siar ag gleann ábhalmhor, agus bogfaidh leath amháin den chnoc ó thuaidh, agus an leath eile ó dheas.
5 Líonfar an gleann atá idir na cnoic ó Ghóa go dtí Iásól agus druidfear é faoi mar a tharla tar éis an chreatha talún in aimsir Uiziá, rí Iúdá. Tiocfaidh an Tiarna, mo Dhia, ansin agus a chuid naomh go léir in éineacht leis.
6 Ar an lá sin, ní bheidh aon solas ann ar dtús, ach fuacht agus sioc.
7 Ach lá ar leith a bheidh ann – mar is eol don Tiarna; óir, ní bheidh aon difríocht ann idir lá agus oíche, mar beidh solas ann san oíche.
8 Ar an lá sin, sceithfidh uiscí beo amach as Iarúsailéim, leath amháin díobh i dtreo na farraige thoir agus an leath eile i dtreo na farraige thiar, ní amháin sa samhradh ach sa gheimhreadh chomh maith.
9 Agus beidh an Tiarna ina rí ar an domhan go léir; ar an lá sin, ní aithneofar ach an Tiarna amháin mar Dhia agus ní bheidh aon ainm eile in airde ach a ainmsean.
10 Déanfar machaire den dúiche go léir ó Gheaba go dtí Rimeon, áit atá laisteas de Iarúsailéim. Ach fanfaidh Iarúsailéim ina hionad ar na harda agus beidh daoine ina gcónaí inti ó Gheata Bhiniáimin go dtí an áit ina raibh an seangheata, is é sin, go dtí Geata an Choirnéil, agus ó Thúr Hananael go dtí cantaoireacha fíona an rí.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Is not my word like fire, declares the Lord, and like a hammer that breaks the rock in pieces?

Jeremiah 23:29

On that day there shall be no light, cold, or frost. And there shall be a unique day, which is known to the Lord, neither day nor night, but at evening time there shall be light.

Zechariah 14:6-7

Irimia 23 (English Standard Version)

26 How long shall there be lies in the heart of the prophets who prophesy lies, and who prophesy the deceit of their own heart,
27 who think to make my people forget my name by their dreams that they tell one another, even as their fathers forgot my name for Baal?
28 Let the prophet who has a dream tell the dream, but let him who has my word speak my word faithfully. What has straw in common with wheat? declares the Lord.
29 Is not my word like fire, declares the Lord, and like a hammer that breaks the rock in pieces?
30 Therefore, behold, I am against the prophets, declares the Lord, who steal my words from one another.
31 Behold, I am against the prophets, declares the Lord, who use their tongues and declare, ‘declares the Lord.’
32 Behold, I am against those who prophesy lying dreams, declares the Lord, and who tell them and lead my people astray by their lies and their recklessness, when I did not send them or charge them. So they do not profit this people at all, declares the Lord.

Read more...(to top)

Zacairia 14 (English Standard Version)

3 Then the Lord will go out and fight against those nations as when he fights on a day of battle.
4 On that day his feet shall stand on the Mount of Olives that lies before Jerusalem on the east, and the Mount of Olives shall be split in two from east to west by a very wide valley, so that one half of the Mount shall move northward, and the other half southward.
5 And you shall flee to the valley of my mountains, for the valley of the mountains shall reach to Azal. And you shall flee as you fled from the earthquake in the days of Uzziah king of Judah. Then the Lord my God will come, and all the holy ones with him.
6 On that day there shall be no light, cold, or frost.
7 And there shall be a unique day, which is known to the Lord, neither day nor night, but at evening time there shall be light.
8 On that day living waters shall flow out from Jerusalem, half of them to the eastern sea and half of them to the western sea. It shall continue in summer as in winter.
9 And the Lord will be king over all the earth. On that day the Lord will be one and his name one.
10 The whole land shall be turned into a plain from Geba to Rimmon south of Jerusalem. But Jerusalem shall remain aloft on its site from the Gate of Benjamin to the place of the former gate, to the Corner Gate, and from the Tower of Hananel to the king's winepresses.

Read more...(to top)