Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Sathairn, 5 Aibreán, 2025

An Bíobla Naofa 1981

A thalaimh, ná bíodh eagla ort feasta! Bíodh áthas ort agus gairdeas! Óir, tá éachtaí déanta ag an Tiarna.

Ióéil 2:21

Dúirt Muire:

Rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm.

Lúcás 1:49

Ióéil 2 (An Bíobla Naofa 1981)

18 Tháinig tocht díograise ar an Tiarna dá thír
agus ghlac sé trua dá phobal.
19 D’fhreagair an Tiarna a phobal agus dúirt:
“Féach, tá arbhar agus úrfhíon
agus ola nua á gcur chugaibh agam
agus beidh bhur ndóthain díobh agaibh
agus ní dhéanfaidh mé ceap magaidh díbh
arís go deo os comhair na náisiún.
20 Seolfaidh mé an tuaisceartach i bhfad uaibh;
tiomáinfidh mé go dtí talamh loiscneach lom é,
a thosach go dtí Muir an Oirthir
agus a dheireadh go dtí Muir an Iarthair
agus éireoidh bréantas agus drochbholadh uaidh
mar tá éachtaí oilc déanta aige.
21 “A thalaimh, ná bíodh eagla ort feasta!
Bíodh áthas ort agus gairdeas!
Óir, tá éachtaí déanta ag an Tiarna.
22 Ná bíodh eagla oraibhse ach oiread,
a bheithíocha an mhachaire!
Mar tá tailte féaraigh na steipeanna glas arís
agus na crainn trom faoi thorthaí
agus an crann fígí agus an fhíniúin ag tabhairt a gcuid saibhris uathu.
23 “A chlann Shíón, bíodh áthas agus gairdeas oraibh
ar son an Tiarna, bhur nDia.
Óir, thug sé fearthainn an fhómhair daoibh
mar is é is cóir;
agus chuir sé flúirse báistí anuas oraibh,
fearthainn an fhómhair agus fearthainn an earraigh, mar a dhéanadh sé fadó.
24 Tá na hurláir bhuailte lán d’arbhar
agus na cantaoirí ag cur thur maoil le húrfhíon agus le hola nua.

Read more...(to top)

Lúcás 1 (An Bíobla Naofa 1981)

46 Agus dúirt Muire: “Mórann m’anam an Tiarna,
47 agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir.
48 Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh;
mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom.
49 Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm,
50 agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin
dóibh seo ar a mbíonn a eagla.
51 Thaispeáin sé neart a láimhe:
scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí.
52 Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha,
agus d’ardaigh sé daoine ísle;

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Fear not, O land; be glad and rejoice, for the Lord has done great things!

Joel 2:21

Mary said:

He who is mighty has done great things for me, and holy is his name.

Luke 1:49

Ióéil 2 (English Standard Version)

18 Then the Lord became jealous for his land
and had pity on his people.
19 The Lord answered and said to his people,
“Behold, I am sending to you
grain, wine, and oil,
and you will be satisfied;
and I will no more make you
a reproach among the nations.
20 “I will remove the northerner far from you,
and drive him into a parched and desolate land,
his vanguard into the eastern sea,
and his rear guard into the western sea;
the stench and foul smell of him will rise,
for he has done great things.
21 “Fear not, O land;
be glad and rejoice,
for the Lord has done great things!
22 Fear not, you beasts of the field,
for the pastures of the wilderness are green;
the tree bears its fruit;
the fig tree and vine give their full yield.
23 “Be glad, O children of Zion,
and rejoice in the Lord your God,
for he has given the early rain for your vindication;
he has poured down for you abundant rain,
the early and the latter rain, as before.
24 “The threshing floors shall be full of grain;
the vats shall overflow with wine and oil.

Read more...(to top)

Lúcás 1 (English Standard Version)

46 And Mary said,
“My soul magnifies the Lord,
47 and my spirit rejoices in God my Savior,
48 for he has looked on the humble estate of his servant.
For behold, from now on all generations will call me blessed;
49 for he who is mighty has done great things for me,
and holy is his name.
50 And his mercy is for those who fear him
from generation to generation.
51 He has shown strength with his arm;
he has scattered the proud in the thoughts of their hearts;
52 he has brought down the mighty from their thrones
and exalted those of humble estate;

Read more...(to top)