36 Má thagann sé gan choinne, ná faigheadh sé sibh in bhur gcodladh. |
37 An rud a deirim libhse, deirim le gach duine é: Déanaigí faire.” |
10 De bhrí gur choinnigh tú focal m’fhoighne, coinneoidh mise thusa ó uair an chathaithe, atá le teacht ar an domhan go léir, chun lucht áitrithe an domhain a phromhadh. |
11 Ní fada go dtiocfaidh mé; coinnigh do ghreim ar a bhfuil agat, i dtreo nach sciobfadh aon duine do choróin. |
12 An té a bheireann bua, déanfaidh mé colún de i dteampall mo Dhé, agus ní rachaidh sé amach go deo arís; agus scríobhfaidh mé ainm mo Dhé air, agus ainm cathrach mo Dhé, an Iarúsailéim Nua, a thiocfaidh anuas ó neamh ó mo Dhia, agus m’ainm nua féin. |